Déanann an taispeántas ar líne seo iniúchadh ar oidhreacht tráchtála Chorcaí tr a chuid cartlanna stairiúla. Roinneann Corcaigh oidhreacht bhródúil le cathracha Eorpacha eile mar láthair fiontraíochta agus trádála, ‘prionsaí ceannaíochta’, margaí agus siopaí galánta, ceardaíochta agus déantúsaíochta, cultúir agus foghlama.
Níos mó ná 800 bliain ó shin, bronnadh saoirsí fairsinge na trádála ar mhuintir Chorcaí. Tá stair fhada na dianiarrachta tráchtála seo doiciméadaithe i roinnt mhaith de na taifid mharthanacha coimeádta i gCartlanna Cathrach agus Contae Chorcaí, go háirithe do thréimhse na 19 haoise.
Áiríonn na foinsí a bhfuarthas sna Cartlanna leabhair bhunaidh na miontuairiscí de chuid Coiste na gCeannaithe i gCorcaigh, na mórleabhair loingseoireachta de chuid na Ceannaithe Arbhair agus Comhlacht Steampacket Cathair Chorcaí, agus taifid laethúla de chuid Margadh Ime Chorcaí, chomh maith le cartlanna pearsanta agus sean-ghrianghraif de dhaoine agus áiteanna i gCorcaigh. Tá formhór na bhfoinsí seo uathúil go hiomlán, agus tá siad caomhnaithe agus infhaighte le haghaidh taighde sa bhfoirgneamh nua saintógtha do Chartlanna Cathrach agus Contae sa Linn Dubh, i dtuaisceart na cathrach.
Tugann an suíomh gréasáin seo imlíne de stair thráchtála Chorcaí arna léiriú ag íomhánna de cháipéisí agus de ghrianghraif ó bhailiúcháin sna Cartlanna.
Féach an Gailearaí le príomh-íomhánna an tsuímh a fheiceáil in aon áit amháin. Áirítear íomhánna ó lámhscríbhinní, grianghraif, fógraí agus cáipéisí eile.
Tá na glúine de mhuintir Chorcaí tar éis taitneamh a bhaint as an iliomad agus éagsúlacht siopaí agus margaí i gCorcaigh. Féach ar rannóg na hOidhreachta Miondíola le haghaidh sean-ghrianghraif de Shráid an Chapaill Bhuí, Sráid Mhargadh an Arbhair (Cé an Ghuail) agus Sráid Naomh Pádraig, chomh maith le grianghraif de Chorcaigh le linn Cogadh na Saoirse.
Foirgneamh Shéamus Uí Mhurchú,
Sráid Mhór Liam Uí Bhriain,
An Linn Dubh.
Guthán: 021- 4505876
rphost: archivist@corkcity.ie